Tuairisc Sheachtain na Gaeilge 2014 foilsithe

Tá tuairisc foilsithe ag Seachtain na Gaeilge ar fhéile na bliana seo, a bhí ar siúl ó 1 – 17 Márta 2014. Tugann an tuairisc cuntas ar ghníomhaíochtaí na féile, eolas faoin líon imeachtaí agus grúpaí rannpháirteacha chomh maith le tuairimí rannpháirtithe ar na seirbhísí agus tacaíochtaí a bhí á gcur ar fáil ag oifig na féile dóibh.

Chláraigh 182 grúpa 735 imeacht pobail le hoifig na féile ach meastar i dtuairisc na féile go raibh suas le 2,000 imeacht pobail ar siúl agus

gur fhreastail níos mó ná 80,000 duine ar na himeachtaí sin. Reáchtáladh na himeachtaí a cláraíodh le hoifig na féile i 31 contae in Éirinn agus in aon tír déag eile ar fud an domhain: san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh, san Astráil agus san Áis fiú.

Tuairisc Sheachtain na Gaeilge 2014 foilsithe & ar fáil le léamh & le híoslódáil ar snag.ie.

Tráchtáil dúnta