Post deonach i Radio na Life

An raibh a fhios agaibh gur i Raidió na Life a thosaigh Sharon Ní Bheoláin mar chraoltóir? Meas tú an bhféadfása bheith ina háit mar dhuine de na léitheoirí nuachta is aitheanta sa tír? Tá Raidió na Life ag cur fáilte roimh iarratais mar léitheoirí nuachta deonacha linn (is ar bhonn deonach a oibríonn craoltóirí an stáisiúin). Ní mór do léitheoirí nuachta ardchaighdeán Gaeilge a bheith acu mar aon le suim mhaith i gcúrsaí reatha. Má tá spéis agat triail a bhaint as, seol ríomhphost chuig muiris@raidionalife.ie.

Tráchtáil dúnta