Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh iarratais don 5 phost seo a leanas:
Speisialtóir Luathbhlianta, Tuaisceart Éireann: 2 phost
(Scála EO1, Oifigeach Feidhmiúcháin: £25,871 – £27,271)
Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Forbartha
(Ardoifigeach Feidhmiúcháin: €46,081- €58,294)
Oifigeach Eolais agus Airgeadais
(Oifigeach Feidhmiúcháin: €27,464 – €43,178)
Oifigeach Forbartha: Bunú agus Buanú Naíonraí agus Scoileanna lán-Ghaeilge
(Oifigeach Feidhmiúcháin: €27,464 – €43,178)
Beidh an dá phost mar Speisialtóirí Luathbhlianta lonnaithe i mBéal Feirste i dtús ama, ach d’fhéadfaí na poist a athlonnú amach anseo.
Tá an 3 phost eile lonnaithe i gceannáras na heagraíochta i Marino, Baile Átha Cliath 9.
