Thar aon choinne eile i bhféilire an CLG, bíonn na nithe sin fite fuaite le chéile nuair is cluiche ceannais peile Laighean atá i gceist idir an Mhí agus Baile Átha Cliath, mar a bheidh Dé Domhnaigh seo chugainn i bPáirc an Chrócaigh.
Cartlann do Iúil 2014
Tá roinnt Gaeilge ag an Aire – Agallamh ar RnaG
Cé nach bhfuil Gaeilge le feiceáil ar suíomh pearsanta an Aire Donegal Matters, tá píosa Gaeilge aige féin.
Tá sé seo le cloisteáil ar agallamh ar Radio na nGaeltachta ar chláir maidin inné..
Magadh iomlán é gan dabht áfach.
Tvúit na Seachtaine
Éist siar leis an gclár ó @HayKells anseo ar @SoundCloud https://t.co/0Zq8hdAQzy @FflurDaf @1SiobhanMcGuire @CnaG @MeonEile @ansiopaleabhar
— Raidió Na Life (@raidionalife) July 7, 2014
TedX Talk suimiúil faoin "Ghaelscoilis" ag Breandán Mac Ardghail, atá ag déanamh stáidéir ar an Teangeolaíocht i #TCD http://t.co/QelxudUivk
— TCD Oifig na Gaeilge (@GaeloifigTCD) July 8, 2014
A full-time position with Gaelchultúr / M.Phil. Scholarship http://t.co/YlP02oEz56
— Gaelchultúr (@gaelchultur) July 10, 2014
An t7n seo bhí @NiamhNiChroinin & @aodhanodea ag caint le breis is 20 coláiste samhradh faoi #ceartateanga &#gaeilge pic.twitter.com/e9Zy5KVuJR
— Conradh na Gaeilge (@CnaG) July 9, 2014
An Comisinéir Teanga ag labhairt le #SUT14 @TheUSI @USI_Gaeilge #gaeilge pic.twitter.com/MUcy186pO9
— Feidhlim Seoighe (@fseoighe) July 9, 2014
Ceol : Turner’s Cross: There’s No Place I’d Rather Be As Gaeilge
Canadh ó Christine Cusack
Post : Láithreoir / Taighdeoir
Post ar Chonradh (Lúnasa 2014 – Meitheamh 2015) le TG4

Cuirfear fáilte roimh iarratais do phost mar Láithreoir / Taighdeoir do sceideal na n-óg. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4, freagrach don Eagarthóir Óige.
Post é seo do dhuine spleodrach, cumasach chun ollchlár na bpáistí a chur i láthair ar TG4. Ní mór d’iarrthóirí spéis a léiriú i gcláir do pháistí agus a gcumas taighde a chruthú. Tá ard- scileanna cumarsáide riachtanach agus fonn agus ábaltacht oibriú mar chuid lárnach d’ fhoireann bheag dhíograiseach léiriúcháin. Is gá Gaeilge chruinn líofa, idir labhartha agus scríofa.
Beidh an té a cheapfar i mbun láithreoireachta ar Cúla4 agus ar ábhar eile craolta do dhaoine óga. Beidh cúramaí taighde agus ullmhú míreanna mar chuid den obair mar aon le cúramaí poiblíochta / meáin shóisialta do sceideal na n-óg. Duine a bhfuil caidreamh maith aige le páistí/daoine óga a cheapfar.
Seol iarratas mar aon le mír ghairid físe dod chur féin in aithne, chuig cv@tg4.ie nó Oifig an Cheannasaí, TG4. Dáta deireanach d’iarratais: Dé hAoine, 1 Lúnasa 2014


