Is minic a cheaptar go bhfuil gach duine le Gaeilge ar aon fhocal maidir le cearta agus le dul chun cinn na teanga, ach ní mar a shíltear a bhítear. Labhair Ciarán Dunbar le beirt ‘easaontóir’, duine in Éirinn agus duine in Albain.
Léachtóir sa Ghaeilge is ea é an Dr. Aidan Doyle, spreag sé díospóireacht ar na mallaibh mar gheall ar alt a scríobh sé san ‘Irish Times’ ag ceistiú cearta teanga agus stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann.
CD: Dúirt iriseoir Gaeilge liom uair amháin go mbíonn leisce ar go leor Gaeilgeoirí tuairim chonspóideach a léiriú i leith na teanga mar “excommunication is a real possibility” – an aontófá leis sin?…
