“Cibé duine a d’iarr ar Roy Keane bheith ina ambasadóir don chumann náisiúnta a chuireann madraí treoracha ar fáil do dhaoine dalla bhí clisteacht thar cionn acu i gcúrsaí margaíochta.
Gach uile bhliain, filleann Roy ar Éirinn agus comhlíonann sé ócáid ghrianghraf agus preasócáid le hachainí bhliantúil an chumainn ar shíntiúis a lainseáil. ”