Cartlann do Lúnasa 2014

Comharthaí gan chiall – gá le córas éifeachtach seiceála

“Is í comharthaíocht na hÉireann an léiriú is feiceálaí dá bhfuil againn dár dteanga dhúchais ó bhunú Saorstát Éireann sa bhliain 1922…

Tá ról láidir ag an nGaeilge san fheiceálacht teanga oifigiúil in Éirinn toisc gurb é polasaí an Stáit é go mbeadh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla den logainm le feiceáil ar gach comhartha tráchta. É sin ráite, is iomaí neamhréireacht atá le feiceáil ar chomharthaí fud fad an Stáit…”

Léigh an alt ar suíomh an Irish Times

Tvúit na Seachtaine

Tá bhlag CLG ‘an puc saor’ ar ais!

“Haigh a chairde! Mar is eol daoibh, bhíos ar lathanta saoire ar feadh cúpla lá agus chiall mé cúpla cluiche. Anois táim ar ais agus teastaíonn uaim an caint go léir a chloisint! Abair liom ar Facebook nó Twitter nó fág ‘comment’ shíos.

An cluiche go raibh an méid is mó suime agam inti ná Tiobraid Árann agus Baile Átha Chliath. Níor chonaic mé an cluiche ina hiomlán ach ón méid ar chonaic mé ar The Sunday Game bhí roinnt nótaí agam…..”

Léigh an alt iomlán anseo!

Domhain gan Dóchas – Alt ar an Tuairisceoir

Alt scríobhtá cúpla lá ó shin ar an Tuairisceoir.. leanann an slad go fóill.

“Agus an colún seo á scríobh agam, bhí an slad ag leanúint leis i nGaza, bhí ar a laghad 1,400 marbh ar thaobh na bPalaistíneach de, an chuid is mó acu sin ina sibhialtaigh, go leor leor acu ina bpáistí.

Tá 58 saighdiúir de chuid Iosrael marbh agus 2 sibhialtach Iosraelach, fuair fear as an Téalainn a raibh cónaí ar in Iosrael bás chomh maith.”

Léigh an alt ar suíomh an Tuairisceoir

‘Easaontas’ agus an Ghaeilge – alt ar Meon Eile

Is minic a cheaptar go bhfuil gach duine le Gaeilge ar aon fhocal maidir le cearta agus le dul chun cinn na teanga, ach ní mar a shíltear a bhítear. Labhair Ciarán Dunbar le beirt ‘easaontóir’, duine in Éirinn agus duine in Albain.

Léachtóir sa Ghaeilge is ea é an Dr. Aidan Doyle, spreag sé díospóireacht ar na mallaibh mar gheall ar alt a scríobh sé san ‘Irish Times’ ag ceistiú cearta teanga agus stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann.

CD: Dúirt iriseoir Gaeilge liom uair amháin go mbíonn leisce ar go leor Gaeilgeoirí tuairim chonspóideach a léiriú i leith na teanga mar “excommunication is a real possibility” – an aontófá leis sin?…

Léigh an alt ar suíomh Meon Eile

Agalamh le Clisare ar Radio na Life

Agallamh faoi Ceol #10 le Raidió Rí-Rá- Síne Nic an Ailí

Beidh An Puball Gaeilge ag an Phicnic Leictreach ar ais i mbliana

An dea-Scéala ná go mbeidh Glór na nGael dár mhaoiniú i mbliana. Mar sin beidh an Puball Gaeilge beo arís i mbliana sa Mindfield ag an an Electric Picnic. Yahú! bí ag faire dos na míreanna atá á chlárú.

Lean orthu ar Facebook anseo!

Ghrúpa-Gaeilgeoirí Cois-Laoi

Grúpa Gaeilgeoirí i gCorcaigh!

Bunaíodh an Ciorcal seo ar 22ú Márta 2009 in Óstán Clarion i gCathair Chorcaí agus ‘sé aidhm an Bhunú seo ná seans a thabhairt do Ghaeilgeoirí bailiú le chéile go rialta agus i suíomh lárnach,compórdach ag baint úsáide níos mó as a gcuid líofachta i dteannta a chéile go nadurtha agus ar a saimhín só,mar adéarfá.

Tá a thuile eolas le fáil ar suíomh Gaeil Laoi

Cheardlann ar theicneolaíocht teanga do na teangacha Ceilteacha

Tá a lán uirlisí próiseála agus acmhainní teanga nua-aimseartha ar fáil dúinn le blianta beaga anuas i ngeall ar nuálaíochtaí taighde sa Teicneolaíocht Teanga agus sa Ríomhtheangeolaíocht. Tugann teacht le chéile bunuirlisí teanga amhail litreoirí agus gramadóirí agus córais idirghníomhacha ar nós Siri, chomh maith le hacmhainní cosúil le Trillion Word Corpus, táirgí agus seirbhísí dúinn a fheabhsaíonn an saol ina mairimid.

Is féidir chlarú anseo anois!