Dia dhaoibh, is muide Rís. Breandán Ó hEaghra, Richie Ó hEadhra, PJ McDonagh & Pat Ó Neill – banna ceoil rac comhaimseartha as Conamara. Tá Rís ar an bhfód le roinnt blianta anuas ach le cúpla bliain anois, tá muid tar éis roinnt athraithe a dhéanamh ar an mbanna. Tá muid tar éis cur lenár mbaill agus tá athrú fuaime/stíle déanta againn freisin. Tá muid faoi thionchar an rac cheol faoi láthair & faoi dhraoícht an teanga & na carachtair atá thart timpeall orainn.