“Beidh na céadta imeacht chun iompar inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud na hEorpa ann sna seacht lá atá romhainn, agus Seachtain Soghluaisteachta na hEorpa ar siúl an 13ú huair.
Seachtain gníomhaíochtaí a ritear gach bliain is ea í, agus tá sé d’aidhm aici i mbliana muintir na mbailte a ghríosadh le spásanna uirbeacha a ‘thógáil ar ais’ ag féachaint leis an gcló is áil leosan a chur ar a gcathair. “Is linne na Sráideanna, is linne an Rogha” a mana.
I rith na seachtaine eagróidh feachtasóirí náisiúnta agus áitiúla i mbreis agus 2000 baile agus cathair in 43 thír comórtais, laethanta “saor ó charranna” agus gníomhaíochtaí eile. Tá na himeachtaí ceaptha feasacht faoi bhrú tráchta agus faoi thruailliú – agus faoi na córacha iompair glasa atá ar fáil – a mhéadú…”
