Ceardlanna Náisiúnta do Scríbhneoirí Gaeilge ó Chló Iar-Chonnacht

Beidh trí cheardlann scríbhneoireachta, ceann i mBaile Átha Cliath, ceann i nGaillimh agus ceann i mBéal Feirste, á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht (CIC) i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna. Scríbhneoirí gairmiúla a bheidh i bhfeighil na gceardlann. Díreoidh ceardlanna Ghaillimh agus Béal Feirste ar an scríbhneoireacht chruthaitheach den uile chineál agus díreoidh ceardlann Bhaile Átha Cliath ar an ngearrscéal amháin.

Tá na ceardlanna seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga nó nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. Ceardlanna aon lae atá i gceist agus is féidir le scríbhneoirí a rogha a dhéanamh Gaillimh, Béal Feirste nó Baile Átha Cliath, pé acu is feiliúnaí dóibh.

Átha Cliath
Gaillimh
Béal Feirste

Thuile eolas ar suíomh Chló Iar-Chonnacht

Tráchtáil dúnta