Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen – Sár suíomh chun éisteacht le canúintí Gaeilge atá imithe

Fáilte! Is é atá sa chartlann seo bailiúchán de thaifeadtaí Gaeilge a rinneadh sna blianta 1928-31. Tá scéalta, amhráin agus ábhar eile le fáil anseo ó chainteoirí dúchais Gaeilge ó 17 contae. Tá samplaí fíorluachmhara anseo de chanúintí atá imithe i léig ar fad ón uair a rinneadh na taifeadtaí. Tá taifeadadh amháin i mBéarla sa chartlann – óráid a thug Liam Mac Cosgair, an té a bhí i gceannas ar an rialtas a mhaoinigh an scéim thaifeadta i gcéaduair.

  • Is féidir brabhsáil de réir contaetha, de réir cainteoirí nó de réir theidil na dtaifeadtaí trí úsáid a bhaint as na naisc ar clé, nó trí chliceáil ar chontae ar an léarscáil.
  • Tá eolas le fáil faoi chúlra na gcainteoirí, mar aon le léarscáil Google, ach cliceáil ar ‘Cainteoirí’ ar clé.
  • Is féidir eochairfhocail a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh ar clé freisin, m.sh. ‘Fionn’, ‘Róisín Dubh’.

Is féidir éisteacht leo tríd an nasc anseo!

Tráchtáil dúnta