Cartlann do Samhain 2014

Is maith liom class – Físeáin Greannmhar!

Bac a chur ar fhoréigean in aghaidh na mban: Dúshlán do chách

Tá feachtas ag parlaiminte na hEorpa chun deireadh a chur le fhoréigean in aghaidh na mban.

Foghlaim a thuile ar a shuíomh

Corp & Anam 2 – ar TG4 ar an 27 Samhain.

Tá an tIriseoir Coiriúlachta Cathal Mac Iarnáin ar ais agus é faoi bhrú arís. Agus deireadh lena phósadh, cén seans a bheas aige nuair nach bhfuil duine ar bith aige chun teacht i gcabhair air nuair a daortar chun príosúin é féin? Pléann an dara sraith de Corp + Anam le faillí agus caimiléireacht an chórais dlí in Éirinn. Labhair Tuairisc.ie le Darach Mac Con Iomaire stiúrthóir/scríbhneoir) agus Paddy Hayes (léiritheoir) faoi Corp + Anam 2, a chuirfear tús leis ar TG4 ar an 27 Samhain.

Seachtain na Gaeilge 2015

Beidh Seachtain na Gaeilge 2015 ar siúl ó 1-17 Márta!

D’éirigh go hiontach le SnaG 2014 & táthar ag súil le cur leis an bhféile in 2015.

Beidh eolas faoin féile ar fáil ar an suíomh idirlíon http://snag.ie/

Fhigiúirí léitheoireachta maith ag Tuairisc.ie

Beagnach 28,000 duine a thug cuairt ar Tuairisc.ie ó seoladh í sé seachtaine ó shin agus d’amharc na daoine sin ar nach mór 250,000 leathanach san iomlán.

Ábhar mór dóchais agus misnigh iad na figiúirí seo d’fhoireann an nuachtshuímh, dar le heagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Léigh an alt iomlán ar Tuarisc.ie

Seo Linn – D’Aon Ghuth Amháin

An Fhondúireacht ó Isaac Asimov le fáil as Gaeilge anois!

Áirítear Isaac Asimov, an “Dea-Dhochtúir”, ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scéalta Róbataice agus na Scéalta Fondúireachta an dá mhórshraith a tháinig óna pheann bisiúil.

Tá sé ar fáil ó Litriocht.com anois!

Nidge vs Joe 2

Asterix agus Tintin le fáil as gaeilge

Is féidir Asterix agus Tintin a léamh as Gaeilge anois! 🙂

Ar Mo Thaobh “Stay With Me” le Sam Smith as Gaeilge ó TG Lurgan