Dáta Seolta agus Siopa Snasta ag NÓS!

Nos_agTeacht

TÚS LE 2015, TÚS LE NOS.IE
Tá gliondar orainn a chur in iúl daoibh a Nósadóirí go mbeidh NOS.IE beo ó 7 Eanáir ar aghaidh. Tá na hullmhúcháin faoi lán seoil agus é i gceist againn tús spleodrach Gaelach a chur le 2015. Ba mhór againn sibh bheith linn ar an aistear iontach amach romhainn!

Tá ceolchoirm speisialta á beartú againn i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste do dheireadh mhí Eanáir mar sin coinnígí súil amach lena aghaidh sin agus bígí linn sa cheiliúradh!

FÉILIRE & EILE INÁR SIOPA NOLLAG
Tá an tréimhse mhór fhéiltiúil den bhliain beagnach linn, agus ó tharla go mbeidh an mórbhronntanas ag teacht uainn ag tús 2015, shíl muid gur chóir dúinn roinnt féiríní a chur ar fáil daoibh roimh an Nollaig.

Chuge sin tá siopa oscailte againn inar féidir libh theacht ar an fhéilire is snasta riamh i saol na nGael, mar aon le cártaí cúláilte Nollag.

Tabhair cuairt ar siopa.nosmag.com anois!

Tráchtáil dúnta