Cartlann do Nollaig 2014

Imeachtaí na Nollag sa Club Chonradh

Conradh_Logo

Gach oíche
Taispeántais Ealaíne i bpáirt le Craobh Aimhirgin

Déardaoin 11/12/2014
Oíche Mhóir Dhamhsa Sean Nós
Cuirfear fáilte roimh chách teacht le céimeanna a fhoghlaim agus a roinnt le damhsóirí eile lonnnaithe i mBaile Átha Cliath.
Ceardlann 8-9pm Ceol beo agus damhsa 9pm
€5 ar an doras

Aoine 12/12/2014
GaelGÁIRÍ – Gig Mhór na Nollag

GaelGairí_na_Nollaig

A chairde, táimid bliain d’aois!! Tar linn chun céiliúradh leis an line-up is fearr go dtí seo – Michael Mee, Kevin McAleer, Andy Ó Faoláin Eoin P. Ó Murchú Seaġan Mac An tSionnaiġ agus Séamus Ó Ceanainn .

Ná déanaimis dearmad go mbeidh Daidí na Nollag ag teacht anuas an simléir / píopa gáis go luath. Mar sin ag an Gig Mhór Nollag seo, beidh píoga Nollag saor in aisce, agus ráfla ag dul thart go mbeidh Daidií na Nollag féin timpeall…

AOINE 12 Nollaig Tosú ag 9pm go pras. €3 isteach.

Satharn 13/12/2014
9.30 pm. Ceol beo ó Na Taoisigh
Úr ón “sell-out gig” a bhí acu ag Electric Picnic beidh Na Taoisigh ag seinnt sa Chonradh! 🙂 Fáilte roimh chách, bígí ann nó bígí gann 🙂

Daidí na Nollaig.
Beidh Daidí na Nollag ar cuairt ar Uimhir a 6 Sráid Fhearchair ar an Satharn 13 Nollaig, ag súil le bualadh le páistí Bhaile Átha Cliath. Fáilte pháiste ó theaghlach Gaelach ar bith ar mhaith leo cuairt a thabhairt ar Dhaidí na Nollag trí Ghaeilge. Cuirfear tús leis na cuairteanna ar 11:00 r.n. agus beidh an grúpa spraoi ar siúl sa teach céanna, do na páistí agus iad ag fanacht. Beidh féiríní beaga ag Daidí na Nollag do na páistí, ní bheidh ann ach rud beag ach ní gá do thuismitheoirí a mbronntanais féin a thabhairt leo.

Duolingo seolta go hoifigiúil

Tá an leagan Gaeilge Duolingo seolta go hoifigiúil.

Ciallaíonn sin gur féidir an leagan Gaeilge a úsáid ar do fón póca!

Tá an cúrsa cruthaithe go deonach ag grúpa bheag – agus tá ard-moladh agam díobh.

Tá thart ar 143,000 ag foghlaim Gaeilge ar Duolingo cheana fhéin!

Fairytale of New York as Gaeilge – tá Nollaig ag teacht!

Spreag Fís – Rónán Mac Aodha Bhuí agus nua-cheol na Gaeilge

Asterix na nGael ar TG4!

Seo Linn i Whelan’s – Seoladh Oifigiúil ‘D’Aon Ghuth Amháin’

null

Beidh muid ag seoladh ‘D’Aon Ghuth Amháin’ go hoifigiúil thuas staighre i Whelan’s ar an 14 Nollag!! Seo an chéad uair dúinn le gig a chasadh san ionad cáiliúil seo, agus ba mhór againn dá dtiocfaidís amach chun ceiliúradh linn!!

*TICÉADAÍ AR FÁIL AG AN NASC SEO**:
http://www.whelanslive.com/index.php/seo-linn/

Táimid ar bís an gig seo a chasadh agus ‘D’Aon Ghuth Amháin’ a sheoladh go hoifigiúil díreach in am don Nollaig – bigí cinnte go bhfuil geansaithe na Nollag oraibh le píosa craic agus seisiún a bheith againn ar an oíche freisin!!

Tá a thuile eolas ar an leathanach Facebook

Léim Thart (Féile C Coláiste Lurgan)

Spreag Fís – Linda Ervine