
Ó taighde Chonradh na nGaeilge tá 70% ó dheas, 54% ó thuaidh i bhfábhar seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáíl.

Ó taighde Chonradh na nGaeilge tá 70% ó dheas, 54% ó thuaidh i bhfábhar seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáíl.
Lá Fhéile Vailintín Sona – Happy Valentine’s Day
Do mo Ghrágeal – For my Loved One
Le Grá – With Love
“Ar an ngrúpa Facebook Gaeilge Amháin a d’iarr Félim Boland ar dtús go seolfaí ríomhphoist chuig Whatsapp “le cur in iúl go bhfuil éileamh ar leagan Gaeilge” den bhogearra cadrála.
Tá Whatsapp á shlua-aistriú go os cionn seachtó teanga faoi láthair – an Chatalóinis agus dhá chanúint Phortaingéilise ina measc.”
“Anois ba mhaith liom atlas teangeolaíochta nua a chruthú, ceann a thaispeánfaidh an teanga sa lá atá inniu, go háirithe an teanga mar a úsáidtear ar an Idirlíon agus sna meáin shóisialta í. Dhírigh Wagner et al a n-aird ar chainteoirí dúchais amháin (“… people whose first language had been Irish only, or both Irish and English”) agus den chuid is mó ar dhaoine a bhí ina gcónaí sa cheantar céanna i rith a saoil. Ach tá aidhm dhifriúil agamsa, is é sin an teanga mar atá sí labhartha ag pobal ilchineálach soghluaiste domhanda a léiriú. Mar sin, b’fhearr liom Éireannaigh a d’fhoghlaim an teanga sa scoil agus fiú foghlaimeoirí thar lear a chur san áireamh ar aon chéim le cainteoirí dúchais.”
Is féidir Gmail a úsáid as Gaeilge anois – ní fiú ach an rogha a athrú sna socraithe! (Tá treoireacha ag Tuairisc.ie thíos)
Maith thú Kevin Scannell arís – sár obair.
Ailt ar suíomhanna nuacht as Gaeilge:
Nuacht 24
Tuairisc.ie
Nuacht RTÉ
Tá an tIriseoir Coiriúlachta Cathal Mac Iarnáin ar ais agus é faoi bhrú arís. Agus deireadh lena phósadh, cén seans a bheas aige nuair nach bhfuil duine ar bith aige chun teacht i gcabhair air nuair a daortar chun príosúin é féin? Pléann an dara sraith de Corp + Anam le faillí agus caimiléireacht an chórais dlí in Éirinn. Labhair Tuairisc.ie le Darach Mac Con Iomaire stiúrthóir/scríbhneoir) agus Paddy Hayes (léiritheoir) faoi Corp + Anam 2, a chuirfear tús leis ar TG4 ar an 27 Samhain.
Beidh Seachtain na Gaeilge 2015 ar siúl ó 1-17 Márta!
D’éirigh go hiontach le SnaG 2014 & táthar ag súil le cur leis an bhféile in 2015.
Beidh eolas faoin féile ar fáil ar an suíomh idirlíon http://snag.ie/
Fáilte! Is é atá sa chartlann seo bailiúchán de thaifeadtaí Gaeilge a rinneadh sna blianta 1928-31. Tá scéalta, amhráin agus ábhar eile le fáil anseo ó chainteoirí dúchais Gaeilge ó 17 contae. Tá samplaí fíorluachmhara anseo de chanúintí atá imithe i léig ar fad ón uair a rinneadh na taifeadtaí. Tá taifeadadh amháin i mBéarla sa chartlann – óráid a thug Liam Mac Cosgair, an té a bhí i gceannas ar an rialtas a mhaoinigh an scéim thaifeadta i gcéaduair.
“‘Sé b’fhéidir an rud is fearr a rinne mé go dtí seo agus mé ag oibriú mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste na Leamhán ná gur eagraigh mé (le GO LEOR cabhrach!) ceolchoirm le Seo Linn – an banna ceoil ó Choláiste Lurgan – ar champas.
Tosaíonn an scéal seo mar aon scéal eile – le stalcaireacht! Cúpla seachtain ó shin, chuir mo chara clib orm i bpostáil ar Facebook….”