Cartlann do Nuacht

Feachtas Oscail do bhéal le tosú i Iorras

Fógra #SnaG2015 Gaeilge

FÓGRA TÁBHACHTACH – ATHRÚ AR AN SEOLADH focal.ie

Tá an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (focal.ie) le haistriú ón seoladh “focal.ie” chuig an seoladh “tearma.ie” ar an 1 Márta 2015. Déanfar atreorú uathoibríoch ó “focal.ie” go “tearma.ie” ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin.

De bharr go bhfuil foclóir ginearálta ar fáil anois ag www.focloir.ie, tá an t-athrú seo á chur i gcrích le go dtuigfidh úsáideoirí go soiléir gur bunachar téarmaíochta atá in “focal.ie”/”tearma.ie”, agus nach mbeidh mearbhall ar an bpobal i dtaca le “focal.ie” agus “focloir.ie”.

Formhóir na tíre ag tacú le seirbhísí as Gaeilge

Ó taighde Chonradh na nGaeilge tá 70% ó dheas, 54% ó thuaidh i bhfábhar seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáíl.

Nuachtlitir TG4 Feabhra

Hinterland

Ag Tosú 05/02. Déardaoin 21:30

Sraith drámaíochta coiriúlachta as an mBreatain Bheag. Scéinséir sa seánra nua “noir Ceilteach”.

Award winning Welsh language crime drama, one of the burgeoning ‘Celtic noir’ genre. The body of 64 year old Helen Jenkins is found. Our hero,Tom Mathias and his partner DI Mared Rhyss, are key to solving the ultimate anti-social crime, murder.

Mná na gCurach

Ag Tosú 08/02. Dé Domhnaigh 21:30

Sraith nua ina mbeimid i dteannta roinnt d’iomróirí ban na tíre agus iad ag réiteach do shéasúr na rásaí.

In a new 4 part series, we follow the ups and downs of a female team as it prepares for the currach rowing season.

Rónán san Afraic

Ag Tosú 24/02 Dé Máirt 22:00

An craoltóir spleodrach Conallach Rónán Mac Aodha Bhuí ar thuras ar oirthear na hAfraice, réigiún inar chaith a athair seal ag obair agus ag scríobh leabhair faoina thréimhse ann.

Award-winning broadcaster Rónán Mac Aodha Bhuí embarks on a poignant journey to East Africa based on the travel book written by his late father Fionntán who had spent a period working there.

Port

Dé Domhnaigh 22:00

Sraith faisnéise ceoil á chur i láthair ag na ceoltóirí aitheanta Julie Fowlis as Albain agus Muireann Nic Amhlaoibh as Corca Dhuibhne.

Scots-Gael singer Julie Fowlis and Ireland’s Muireann Nic Amhlaoibh take a journey exploring their music roots.

GAA BEO

Ag tosú 01/02

Séasúr nua ar a gcraolfar iomlán na himeartha ó suas le leathchéad cluiche, idir bheo-chraoladh agus iar-chraoladh i gcomórtais Sraithe, Club, Coláistí, Peil na mBan agus craobhacha iarbhunscoile

GAA coverage returns for the 2015 season, with action from 48 games (live and deferred, including, National Leagues, Club Championships, Ladies Football, Third Level College & post-primary competitions.

Amhrán na Mara

Ainmniúchán ag Oscars 2015

Ádh mór le Cartoon Saloon, a bhfuil an scannán ‘Song of the Sea’ ainmnithe do Oscar 2015. Beidh an leagan Gaeilge den scannán le feiceáil ins na pictirúrlanna níos déanaí sa mbliain.

Best of luck to Cartoon Saloon at the Oscars with their nomination for Song of the Sea. The movie, commissioned by TG4 /BAI, will be screened in Cinemas later in the year.

Elias

Cúla4, Luan – Aoine

Bád tárrhála é Elias a bhíonn réidh le dul i gcabhair ar a chairde ar an bhfarraige mór.

Elias is a brave, playful little rescue boat with an enthusiasm for life, fun and adventure.

TG4.tv

Beo ar fud an Domhain

Féach ar TG4 BEO aon uair ó áit ar bith ar fud an domhain ag www.tg4.tv

Watch TG4 live or catch up from anywhere around the world at www.tg4.tv

Feachtas leagan Gaeilge de Whatsapp a chruthú

“Ar an ngrúpa Facebook Gaeilge Amháin a d’iarr Félim Boland ar dtús go seolfaí ríomhphoist chuig Whatsapp “le cur in iúl go bhfuil éileamh ar leagan Gaeilge” den bhogearra cadrála.

Tá Whatsapp á shlua-aistriú go os cionn seachtó teanga faoi láthair – an Chatalóinis agus dhá chanúint Phortaingéilise ina measc.”

Tá alt ar Tuairisc.ie faoin feactas

Is féidir leat tacú ar http://translate.whatsapp.com

Nuachtlitir TG4 Eanáir 2015


Clann Feirm Factor

Ag tosú 11/01. Dé Domhnaigh 20:30

Teaghlaigh a bheidh ag iomaíocht le chéile i sraith na bliana seo agus duais tharraingteach €20,000 le buachan.

8 of Ireland’s top farming families compete against each other to take home a cash prize of €20,000.


Barney Bunnion

Ag Tosú 11/01/15 Dé Domhnaigh 20:00

Beartaíonn Barney Bunion, atá fillte ó imirce, slí bheatha nua a bhunú dó féin mar bhleachtaire príobháideach. Ach nuair nach bhfuil fios a cheirde aige, bíonn sé deacair air an dá thrá a fhreastal idir a shaol pearsanta agus a shaol oibre.

Comedy Series. Barney Bunionm, a returned emigrant, tries to carve a new career for himself as a Private Investigator, with the help of his Brother Cecil. With no formal training, neither has a clue of lies ahead.

Ar Mhuin na Muice is na gCapall

Ag Tosú 11/01. Dé Domhnaigh 21:30

Léargas ar imeachtaí Chumann Marcaíochta Ghaeltacht Dhún na nGall thar tréimhse bliana.

This intimate portrayal of the ups and downs of the Donegal Gaeltacht Riding Club over a season is a revealing glimpse into many other aspects of life in rural Ireland also.

Ceolchuairt

Ag Tosú 13/01 Dé Máirt 21:30

Sraith eisceachtúil ina dtéann seisear ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe Éireannacha ó chúlra ceol traidisiúnta ar oilithreacht go dtí ionad ceoil iasachta atá á mealladh le fada

The award-winning musical documentary series returns with another revealing collection of musical travelogues in which a well-known figure goes abroad to taste another kind of music to which he/she has long been drawn.

Thicker Than Water

Ag tosú 13/01. Déardaoin 23:00

Scéal faoi chlann a thagann le chéile ar iarratas óna máthair atá ar leaba a báis. Tá rún aici do chuile dhuine acu.

Swedish family drama. The story is set in a B&B on the idyllic Swedish coast, as estranged siblings gather around their dying mother. .

Laochra Gael

Ag tosú 03/02. Dé Máirt 20:00

Sraith nua ina dtugtar chun cuimhne éachtaí imreora a thuill cáil mar pheileadóir nó mar iománaí. Tugann a chomhghleacaithe agus a chéilí comhraic siar ar bhóithrín na smaointe sinn.

A new series of the popular format which profiles a legendary figure of Gaelic games. Early programmes this season will profile Dublin marksman Barney Rock and one of Kerry’s exclusive 8 All-Ireland winners, Ogie Moran.

Bia Linn

Cúla4, Luan – Aoine

Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann.

Kids cookery show! Muireann is cooking up a storm in the kitchen with the help of some really cool kids.

Gleo

Déardaoin 18:25

Sraith nua fhuinniúil do dhaoine óga á láithriú ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill. Beidh neart cur agus cúitimh ann

New series presented by Máire Treasa Ní Dhubhghaill, where teenagers discuss different topics each week.

TG4.tv

Beo ar fud an Domhain

Féach ar TG4 BEO aon uair ó áit ar bith ar fud an domhain ag www.tg4.tv

Watch TG4 live or catch up from anywhere around the world at www.tg4.tv

35% de dhaltaí Gaeltachta ag fáil oideachais trí Bhéarla – alt ó Tuairisc.ie

1,698 dalta meánscoile Gaeltachta ag freastal ar scoileanna ina bhfuil an teagasc á dhéanamh trí Bhéarla agus 29 bunscoil Gaeltachta nach bhfuil ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Léigh an alt iomlán ar Tuairisc.ie

Dáta Seolta agus Siopa Snasta ag NÓS!

Nos_agTeacht

TÚS LE 2015, TÚS LE NOS.IE
Tá gliondar orainn a chur in iúl daoibh a Nósadóirí go mbeidh NOS.IE beo ó 7 Eanáir ar aghaidh. Tá na hullmhúcháin faoi lán seoil agus é i gceist againn tús spleodrach Gaelach a chur le 2015. Ba mhór againn sibh bheith linn ar an aistear iontach amach romhainn!

Tá ceolchoirm speisialta á beartú againn i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste do dheireadh mhí Eanáir mar sin coinnígí súil amach lena aghaidh sin agus bígí linn sa cheiliúradh!

FÉILIRE & EILE INÁR SIOPA NOLLAG
Tá an tréimhse mhór fhéiltiúil den bhliain beagnach linn, agus ó tharla go mbeidh an mórbhronntanas ag teacht uainn ag tús 2015, shíl muid gur chóir dúinn roinnt féiríní a chur ar fáil daoibh roimh an Nollaig.

Chuge sin tá siopa oscailte againn inar féidir libh theacht ar an fhéilire is snasta riamh i saol na nGael, mar aon le cártaí cúláilte Nollag.

Tabhair cuairt ar siopa.nosmag.com anois!

Gmail le fáil as Gaeilge anois!

Gmail_as_Gaeilge

Is féidir Gmail a úsáid as Gaeilge anois – ní fiú ach an rogha a athrú sna socraithe! (Tá treoireacha ag Tuairisc.ie thíos)

Maith thú Kevin Scannell arís – sár obair.

Ailt ar suíomhanna nuacht as Gaeilge:
Nuacht 24
Tuairisc.ie

Nuacht RTÉ