Cartlann do Teicneolaíocht

Mo Chéad Foclóir – Aip nua

Aip nua dírithe ar pháistí óg atá ag iarraidh Gaeilge a foghlaim (nó tá a thuistí ag iarraidh a leithéid!)

An Aip ar Apple App Store

Deireann an alt thíos go bhfuil an aip ar Google Play freisin, ach ní feicim é…?

Alt [as Béarla] faoin Aip nua

Méarchlár Nua Gaeilge

Tá méarchlár nua á forbartha ag nascanna.com (Dúrud Teoranta) ina bhfuil fáil ar ghutaí fada ar chnaipí dá gcuid féin (.i. tá cnaipí ar leith ann do na litreacha á, ú, ó, é, agus í), ar an gcaoi chéanna agus a bhíonn socraithe sainiúla ann do theangacha eile na hEorpa agus go deimhin an domhain.

An méarchlár ar nascanna.com

Cartún ag miniú fabht Heartbleed

Miniú iontach ag XKCD ar an fabht i OpenSSH

Aip beag don suíomh seo

Tá Aip beag Android againn anois!

Bainigí triall as – má tá fadhb agaibh abair liom!

Aip Leadrán.com ar google play

Saol as Gaeilge 1 – An Idirlíon

Is áis iontach é an idirlíon. Ar feadh tamall áfach bhí gá Béarla a úsáid chun an Idirlíon a úsáid. Buíochas le Dia tá an scéal ag dul i bhfeabhas agus tá an idirlíon áis iontach anois chun Gaeilge a foghlaim agus úsáid.

Tá buntáistí ar leith ag bhaint le úsáid an Gaeilge ar do ríomhaire:

  • Seans an Gaeilge a cleachtadh, agus do saibhreas teanga a feabhsú.
  • Léiríonn sé go bhfuil daoine ag lorg áiseanna as Gaeilge
  • Déanann daoine sár obair ag aistriú saor in aisce gan aon bhrabús ach amháin an teanga a chur chun cinn

Brabhsálaí Idirlíon:

Ar dtús báire úsáideann muid Brabhsálaí chun freastal ar an idirlíon. Má’s féidir leat úsáid leagan Gaeilge don brabhsálaí. Is bealach iontach éasca é chun bogearra Gaeilge a úsáid – an chuid is mó don am ní feictear focal ar bith. Tá leagan Firefox agus leagan Internet Explorer le fáil as Gaeilge. Bain úsáid astu!

Thuile Eolas:
Alt ar Nascanna.com faoi Firefox
Alt ar Nascanna.com faoi Internet Explorer

Foclóir Úsáideach:
Tab: Cluaisín
Window: Fuinneog
Bookmark: Leabharmhairc

Inneall Cuardaigh
Úsáideann gach duine Inneall Cuardaigh chun na suíomh idirlíon a aimsiú. San lá inniu is briathar é an focal ‘google’ fiú! Chun inneall a úsáid as Gaeilge níl ann ach na Roghanna Teanga a athrú.
Níl aon tionchar ag an rogha seo ar na freagraí a faigheann tú (faoi mar is eol dom!)

Thuile Eolas:
Alt ar Nascanna.com faoi Google
Alt ar Nascanna.com faoi DuckDuckGo

Na Meáin Sóisialta
An fírinne ná go caitheann an chuid is mó dúinn tréimhsí fhada ar an idirlíon ag breathnú ar meáin sóisialta do shaghas éigin – mar shampla Facebook!

Facebook – Athraigh an Rogha Teanga chuig Gaeilge
Alt ar Nascanna.com faoi Facebook
Twitter – Ní féidir é a úsáid as Gaeilge go fóill – ach tá líon mór daoine ag tweetáil as Gaeilge – #Gaeilge agus bí páirteach ann.

Ní ach céim 1 é na athrúcháin seo! Tá neart eile le fáil as Gaeilge, agus tá daoine ag aistriú faoi láthair (Msh Twitter)

[Teicneolaíocht] Mapa Phobal na Gaeilge i Laighean

Is áis iontach é seo má tá tú ag lorg na eachtraí atá ar súil as Gaeilge timpeall do cheantar


View Pobal na Gaeilge (Laighin) in a larger map

Nasc Chuig an Mapa

[Teicneolaíocht] Aip Seachtain na Gaeilge

Aip Android agus Apple faoi imeachtaí Seachtain na Gaeilge

Íomhá - Aip SnaG

Is Aip galánta í seo, agus oibríonn sé an tapaigh.

Feicim áfach nach bhfuil gach imeacht ar an Aip – nílim cinnte faoi sin.

Nasc Android
Nasc Apple